top of page

​An Idirbhliain

~ Dráma

~ Réiteach & Foilsiúchán Irisleabhar na Scoile

~ Réiteach & Foilsiúchán Féilire na Scoile

~ Seachtain ar Thaithí Oibre ar an tír mór

~ Seachtain ar Thaithí Oibre ar an oileán

~ Seachtain in Ionad Eachtraíochta & Féinfhorbartha an   Choiste Gairmoideachais, Ceapach na gCapall

~ Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí (E.C.D.L)

~ Cúrsa i Scileanna Traidisiúnta – Caoladóireacht

~ Cúrsa Cniotála (le tosnú i 2013)

~ Cúrsa Cumarsáide Raidio (le B.I.M.)

~ Cúrsa Seachaint Dóiteáin & Sábháilteacht ar Muir (le B.I.M.)

~ Turas Scoile thar lear

~ Ceol & Damhsa

~ Eagrú Cóisir na Nollag sa scoil

~ Cabhrú le Cóisir na nGasúr sa Halla Pobail

~ Cúrsa Físeáin

~ Imeachtaí éagsúla ar mhaith le Cumainn Carthanachta

~ Réimse Spóirt

 

Seo réimse de na cúrsaí/imeachtaí a chuirtear ar fáil i nGairmscoil Éinne mar chuid de Chlár na hIdirbhliana;

Ranganna Caoladóireachta

Roinnt pictiúir de dhrámaí scoile le blianta anuas

Roinnt pictiúir as Ceapach na gCapall

Cóisir na Nollag

Siad scoláirí na hIdirbhliana a eagraíonn Cóisir na Nollag gach bliain.  Cuirtear béile cheithre chúrsa ar fáil do gach scoláire, ball foirne agus aoi speisialta.

Ullmhaíonn scoláirí na hIdirbhliana an bhia ar fad agus maisíonn siad Halla Mór na scoile.

Ar an oíche, bíonn cuma draíochta ar an scoil agus cuirtear siamsaíocht ar siúl le linn béile.  Baineann gach duine sult agus sásamh as an oíche agus bíonn siad ag tnúth leis an gcéad chóisir eile – “Go mbeirimid beo ar an am seo arís”! 

Cúrsa i mBunscileanna Cheird na hIascaireachta a bhíonn ar siúl sa scoil go rialta 

Cúrsa Físeán le Peadar Mac Donnacha

Cúrsa Físeán le Peadar Mac Donnacha

Cuairt ar an Ionad Athchúrsála

Cuairt ar an Ionad Athchúrsála

Cuairt ar Nortel

Cuairt ar Hewlett Packard

Aoife Ní Ghoill & Príomhoifigeach Pramerica Spirit of Community Awards

Aoife Ní Ghoill & Máirtín Ó Mainnín (Maor Pobail)

Cuimhní Cinn ar an Idirbhliain

Rinne mé cairde nua & cuimhní maithe san Idirbhliain.  Bhí an-spraoi agam i gCeapach na gCapall & ag déanamh  drama na hIdirbhliana.  Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air.

Bhí an-chraic agam nuair a thosaigh mé san Idirbhliain.  Bhí go leor rudaí suimiúla le déanamh chuile lá.  Rinne mé taithí oibre ar 13 Bealtaine le athair mo chara & bhí an-chraic agam ann! 

Bhí an idirbhliain ar an oileán go maith.  Rinne mé cairde nua & bhain mé an-taitneamh as.

Bhí an Idirbhliain iontach!  Bhí an-chraic againn i gCeapach na gCapall ag déanamh an 'Harlem Shake' & ag déanamh na drámaí .  Táim an-sásta go ndearna mé an Idirbhliain & táim sásta freisin leis an méid craic a bhí agam.  'Fireball' 'Stephan' 'Ó a dhiabhal, tá sí ok!' 'Tiwan Twist'

Ag tús na hIdirbhliana, bhí muid ar fad cairdiúil ach nuair a chuaigh muid go Ceapach na gCapall, chruthaigh sé gaol láidir eadrainn & bhí muid an-chairdiúil le chéile ina dhiaidh sin. 

(Ceapach na gCapall) - Bhí na cailíní & na buachaillí i mbáid difriúla & cheap siad (na buachaillí), go n-iompódh siad an bád orainn.  Bhí an oiread faitíos orainn & cheap muid gur b'in é an deireadh linn!

Bhí go leor brú orainn leis an dráma ach bhí neart spraoi againn freisin ag teacht le chéile le h-aghaidh cleachtadh a dhéanamh sa halla.

Ceann de na blianta is fear i mo shaol.  Ba é Ceapach na gCapall an rud is fear a rinneamar, b'fhiú an Idirbhliain a dhéanamh chun an taithí seo a fháil!

Bhí go leor rudaí maithe ag baint leis an Idirbhliain ach an rud ab fhearr liomsa ná an dráma a rinneamar.  Chuir muid go leor obair isteach ann & bhí an-chraic againn ag an am céanna.  Ceapach na gCapall - níl aon rud níos fearr ná a bheith le do chuid cairde! Bow Wow Wow Wow'

Bhain mé an-taitneamh as an Idirbhliain.  Bhí mé páirteach i chuile rud & b'é Ceapach na gCapall an t-am is fearr a bhí agam i mbliana.  Mholfainn go mór do chuile scoláire an Idirbhliain a dhéanamh.

Fuair mé taithí iontach & mé ag déanamh na hIdirbhliana ar an oileán.  Rinne mé go leor cairde nua agus beidh cuimhní maithe agam ar an tréimhse a chaith mé ann.  B'é Ceapach na gCapall an páirt dhó ab fhearr liomsa.

Turas Scoile go Baile Átha Cliath

Cúrsa Seachaint Dóiteáin & Sábháilteacht ar Muir (B.I.M.)

Cuairt ar TG4 1996

bottom of page