
Teastas Sóisearach
Gaeilge
Béarla
Matamaitic
Fraincis
Eolaíocht
Ealaín
Staidéar Gnó
Ceol
Eacnamaíocht Bhaile
Teicneolaíocht Ábhair (Adhmad)
Miotalóireacht
Grafaic Theicniúil
Corpoideachas
Oideachas Shóisialta, Phearsanta & Sláinte (SPHE)
Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (CSPE)
Reiligiún
Staidéar Tacaíocht Foghlama
Ardteistiméireacht
Gaeilge
Béarla
Matamaitic
Fraincis
Bitheolaíocht
Ealaín
Tíreolaíocht
Gnó
Grafaic Dhearaidh & Chumarsáide
Innealtóireacht
Eacnamaíocht Bhaile
Ceol
Staidéar Foirgníochta
Corpoideachas
Oideachas Shóisialta, Phearsanta & Sláinte (SPHE)
Gairmthreoir
Staidéar Tacaíocht Foghlama
Nascmhodúil (CGAT)
~~Cuirfear cúrsa búnúsach ríomhaireachta ar fáil do gach scoláire sa chéad bhliain, ó thaobh úsáid mhion-ríomhairí de(oscailt e-leabhair, sábháil fillteáin, Word, Powerpoint,srl.)
~~Cuirtear Ranganna Oíche ar fáil do dhaoine fásta dhá théarma in aghaidh na scoilbhliana.

Scoláirí ag baint úsáide as na ríomhairí & na cluasáin sa rang Fraincíse le tairbhe a bhaint as shuíomhanna idirlíne idirghníomhaíochta.


Scoláirí ag baint úsáide as na mion-ríomhairí sa rang Eolaíochta. Tá formhór na dtéacsanna le fáil mar e-leabhair, rud a dhéanann eascaíocht dona scoláirí ó thaobh meáchán a gcuid málaí. Chomh maith leis sin, tá muid ag cur go mór le cothú na timpeallachta de bharr go mbíonn formhór don obair bhaile le fáil ag na scoláirí go leictreonach ar 'Student Public' ar chóras an Choiste Ghairmoideachais. Le dhá bhliain anuas, tá cur chun cinn mór déanta ar ré na Teicneolaíochta sa scoil agus faoi láthair, tá mion-ríomhaire ag chuile scoláire ón gcéad bhliain go dtí an ceathrú bliain.
An Saol Dian i Rang 1
Ní maith liom an Mhiotalóireacht
Mar tá sí ró-chrua
Obair fhíor-anróiteach
Dúthracht ‘s dua.
Cruach agus copair
Iarann ‘s prás
Peirspéacs ‘s rubair
Gearradh ‘gus gás.
Téarmaíocht chasta
Ró-dheacair do pháistí
Ní shin uilig is measa
Ach, mo léan, an Máistir!
Ní fios cé a chum
2010
Is aoibhinn beatha an scoláire
Mol an óige 's tiocfaidh sí
Cleachtadh a dhéanann maistreácht