top of page

Scoláirí na Scoile 2014-2015

An Chéad Bhliain

An Dara Bliain

An Tríú Bliain

An Séú Bliain

An Cúigiú Bliain

An Ceathrú Bliain

 

Spóirt

Tá traidisiún láidir spóirt i nGairmscoil Éinne agus cé go bhfuil daonra na scoile beag, tá éachtaí móra déanta ag scoláirí na scoile seo thar na mblianta i spóirt éagsúla.

Reathaíocht

Bhí Rith Trasna Tíre an-láidir ins an scoil i gcónaí agus is minic a bhí scoláirí Ghairmscoil Éinne ag rith i gCraobh na hÉireann.  D’éirigh le foireann cailíní sóisir na scoile an chraobh a thabhairt leo i gConnacht bliain amháin.

Peil
Tá an Pheil mar chroílár na scoile ní amháin spóirt na scoile.  Éiríonn go maith i gcónaí le foirne peile na scoile i gcomórtais scoileanna an Chontae agus go deimhin bhí siad ina seaimpíní Contae chúig bhliana as a chéile i gcomórtas Grád C na nGairmscoileanna.  Is beag bliain le cúig bliana déag anuas nach raibh ar a laghad imreoir amháin as Gairmscoil Éinne ag imirt ar fhoireann Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

Liathróid Láimhe
Le blianta beaga anuas tá fás thar chuimse tagtha ar Liathróid Láimhe ar fud na tíre agus go deimhin níl Gairmscoil Éinne fágtha ar gcúl mar go n-imríonn go leor de scoláirí na scoile Liathróid Láimhe agus go bhfuil ag éirí thar barr leo i gcomórtais éagsúla ar fud na tíre.  Tá cúirt nua Aonbhalla tógtha ar chúl na scoile agus bíonn imreoirí óga na scoile seo ag cleachtadh ann gach lá.  Mar chuid den Idirbhliain, glacann scoláirí ón scoil páirt i dtraenáil daoine óga san gcumann áitiúil.

Ionad Seachtrach
Gach bliain, tugann scoláirí ón scoil cuairt ar Ionad Eachtraíochta an Choiste Gairmoideachais i gCeapach na gCapall áit a nglacann siad páirt i ngach saghas imeacht spóirt.

Seoltóireacht
Anuraidh, ghlac daltaí as Gairmscoil Éinne páirt i gcúrsa Seoltóireachta a bhí eagraithe ar an oileán.  D’éirigh thar barr leo ag an spóirt seo agus mar thoradh ar seo tá beirt mhúinteoir as an scoil ar choiste chun cumann seoltóireachta a chur ar bun go háitiúil.  Tá súil againn go mbeidh an cumann nua seo ar a chosa an samhraidh seo agus go mbainfidh gach duine tairbhe agus sásamh as.

Leadóg Boird
Tá dhá bhord Leadóg Boird ins an scoil agus bíonn siad in úsáid i gcónaí.  Tá fíorspéis ag scoláirí sa spóirt seo agus cé nár ghlac siad páirt in aon chomórtas go dtí seo tá rún againn tús a chur leis sin go gairid.

 

Ceol

​Tá spéis ar leith ag scoláirí Ghairmscoil Éinne i gceol, amhránaíocht agus damhsa agus clú agus cáil bainte amach ag cuid acu de bharr a gcuid éachtaí.
 

D’éirigh le deartháireacha Uí Mhaoilchiaráin an chraobh a thabhairt leo san ‘All-Ireland Talent Show’ sa bhliain 2009. 
 

Sa bhliain 2008, d’eisigh clann ceolmhar eile Na hIarnáin, a bhfuil duaiseanna Fleadh Cheoil na hÉireann bainte amach acu, an dlúthdhiosca ‘Ó Ghlúin go Glúin’
 

D’éirigh go maith le Peadar Ó Goill sa chomórtas ‘School’s Got Talent’ nuair a tháinig sé sa cheathrú háit sa bhliain 2011 agus nuair a fuair sé an chéad áit ag Scléip na hÓige faoi dhó.

 

Íomhanna de na scoláirí san Isealtír & in Árainn.   Tugann scoláirí na scoile cuairt ar an Ísealtír gach Earrach & tagann scoláirí na hÍsealtíre anall go hInis Mór gach bliain freisin.  Thall san Ísealtír, freastalaíonn na scoláirí ar an scoil Idirnaisiúnta ansin.  Bíonn siad ag rothaíocht chuig an scoil & ag glacadh páirt in imeachtaí scoile ar nós Spainnís, Spóirt, Drámaíocht, Eolaíocht, Ealaín, Mata, Tír Eolas & go leor rudaí eile.  Fanann said le clann thall ann.

Cócaireacht

Saothar Ealaíne

Rang Bitheolaíochta le Danielle Nicholson as REMEDI a thug seimineár faoi Ghaschealla (Stem Cells) 

Turas Éiceolaíochta - mar pháirt de churaclam Bitheolaíochta don Ardteistiméireacht

                                            Lá Eorpach na dTeangacha

bottom of page