top of page

Iarscoláirí

Anois is mé tagtha ar ais go dtí an t-oileán agus an scoil, tá na cuimhní cinn tagthta ar ais chugam ar na laethanta a chaith mé mar leaid óg ag foghlaim agus ag spraoi i measc mo chairde i nGairmscoil Éinne.  Tá mé fillte ar ais tár éis céim a bhaint amach in Ollscoil Luimnigh mar Mhúinteoir Foirgníochta.
Is dóigh liom gurbh í an scolaíocht a fuair mé i nGairmscoil Éinne a d’iompaigh mé féin ar shaol an teagaisc.  Bhí atmasféar bríomhar agus cairdiúil i gcónaí sa scoil, bhí sé seo cruthaithe ag na daltaí agus go mór mór na múinteoirí.
Chuir mé féin suim mhór sna hábhair praiticiúla, an Innealtóireacht agus an Fhoirigníocht agus thug siad seo tuiscint níos fear dom ar an ngairm a bhí ag teastáil uaim.  Bhí cúrsaí spóirt i gcónaí cóngarach do mo chroí agus thug an Ghairmscoil deis dom rath a chur ar  mo chuid peile agus imirt ar fhoireann an chontae.

Aonghus Ó hIarnáín - 2008

B'iad na blianta a chaith mé i nGairmscoil Éinne cuid de na blianta ab fhearr de mo shaol.  Rinne mise staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tá mé tar éis céim a bhaint amach sa Ghaeilge & Léann an Aistriúcháin agus faoi láthair, táim ag obair agus mé ag fanacht le scéal ar ais ón gcoláiste faoi chúrsaí iarchéime.

Aisling Ní Dhioráin - 2009

Rinné mise m'Ardteist i nGairmscoil Éinne sa bhliain 2012.  Fuair mé mo dhóthain pointí le haghaidh mo chéad rogha, Cúram Sóisialta in Institiúd Teicneolaíochta, Luimnigh. Tá an cúrsa deacair , tá go leor staidéir agus obair ag baint leis chun coinneal suas.  Cé nach coláiste mór é, tá sé an-difriúil don saol sa Ghairmscoil.  Tá sé suas duit féin an obair ar fad a dhéanamh.  Níl aon mhúinteoir ann le súil a choinnéail ort nó brú a chur ort nuair atá sé ag teastáil, ach mar sin féin, tá an neamhspleachás go deas freisin!

Caroline Ní Dhioráin - 2012

Sé bliana taitneamhacha i scoil den scoth! 
Ó na dramaí, Ceapach na gCapall agus an turas iontach go Páras i Rang a Ceathair go dtí an bhliain chrua a chaith mé i Rang 6!  Ní fhéadfá sé bliana a chaitheamh in aon áit níos fearr!

Conal Ó hIarnáin - 2012

D'fhág mé Gairmscoil Éinne anuraidh agus thug mé aghaidh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.  Is ansin atá mé ag déanamh staidéir ar na Méain Chumarsáide. Chuir mo chuid oideachais i nGairmscoil Éinne go mór leis na scileanna a theastaigh uaim chun an cúrsa seo a dhéanamh, idir scileanna E.C.D.L agus scileanna Ealaíne.

Ó d'fhág mé Gairmscoil Éinne, tá mé an-ghnóthach leis an gceol, mar shampla mo shingil nua agus bím ag seinm gach deireadh seachtaine. Chuir na ranganna ceoil sa scoil go mór le mo chuid eolais ar an gceol agus le mo chuid scileanna ceoil go gineáralta.  I m'am sa scoil ghlac mé páirt i go leor comórtais ar nós Scléip agus 'School's Got Talent'.

Peadar Ó Goill - 2012

Bhain mé an-taitneamh go deo as mo chuid blianta i nGairmscoil Éinne.  Tá roinnt mhaith buntáistí ag baint le freastal ar scoil bheag - ag cur aithne mhaith ar chuile dhuine agus bheith i gcomhluadar i gcónaí chomh maith leis an dteagasc breise duine ar dhuine a faightear, rud atá fíoráisiúil in am scrúduithe.  Bhí réimse leathan ábhair ar fáil agus chuir mo rogha ábhar féin i dtreo na hailtireachta mé.  Tá na rudaí bunúsacha a d'fhoghlaim mé ar scoil fós ag cuidiú liom agus mé ag dul isteach sa bhliain dheireanach dem chúrsa in Ollscoil Luimnigh - mar shampla, scileanna líníochta, déanamh samhaltáin agus scríobhnóireacht.  Seolaim mo bhuíochas agus mo bheannachtaí chuig an scoil.

Kristopher Ó Ceallaigh - 2009

2006-2012

2005-2011

2004-2010

2003-2009

2002-2008

2001-2007

2000-2006

1998-2004

1997-2003

1995-2001

bottom of page