top of page

​Focal ón bPríomhoide

​​
Fáilte chuig suíomh idirlín Ghairmscoil Éinne; tá súil agam go mbainfidh gach cuairteoir taitneamh

agus tairbhe agus iad ag brabhsáil an láithreáin.  Fáiltím go speisialta roimh iarscoláirí ar fud an

domhain a bhualann isteach chuig an suíomh seo – ná déanaigí dearmad casadh isteach chun na

scoile má bhíonn sibh ag dul an bóthar.  Beidh gliondar orainn sibh a fheiceáil am ar bith.


Tá Gairmscoil Éinne ar an bhfód ó 1953.  Tá sí lonnaithe i mbarr bhaile Chill Rónáin, an príomhbhaile in Inis Mór, tuairim's 5 nóiméad siúlóide ón gcéibh.  Soláthraíonn an scoil oideachas iomlán dara leibhéil tré mheán na Gaeilge agus fé scáth Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.


scoláireachtaí ar fáil, maoinithe ag Roinn na Gaeltachta tré Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge,

do dhaoine óga ó thaobh amuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid

Gaeilge.  Tá a thuilleadh eolais faoi seo ar an suíomh.

Mícheál Ó Cúláin

 

bottom of page