Bealtaine 2016-
Aibreáin 2016-
-
Cuairt chuig Ionad Ealaíne na Gaillimhe.
-
Tháinig Aoife McDermott ar cuairt againn mar baill de Sky Sports chun labhairt linn faoi a bheidh ag imirt ar fhoireann na nÉireann.
-
Oíche Siamsaíochta. Rinne an Idirbhliain dhá drama, An Tincéara Buí le Johnny Chóil Mhaidhc agus Coinnleoirí an Easpaig le Norman McKinnel atá aistrithe ón bhFraincís.
-
Slán le Rang a 6 agus Ádh mór leis an Ard Teist!!!
Márta 2016-
-
Bhuaigh Ashling Ní Mhaoláin agus Áine Nic Giolla Dé Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe Faoi 17 Dúbailte A.
Nollaig 2015-
-
Chuaigh an scoil go dtí Baile Átha cliath ar feadh trí lá. Chuiagh muis ar thuras timpeall Reilig Ghlas Naíon agus Garraithe Náisiúnta na Lus. Chomh maith le sin chuaigh muid ar turas timpeall Cathair Baile Átha Cliath ar thuras 1916 i leoraí airm. Chuiagh muid ag siopadóireacht agus ag scátáil i nDún Droma chomh maith.Ar an mbealach abhaile chuiagh muid go dtí Sí an Bhrú agus go dtí iarsmalamm Chath na Bóinne. Bhí an-thuras againn ar fad.
-
Maidin Caife na Nollag ar son Chlann Shíomóin
Samhain 2015-
-
Cúrsa Caoladóireachta ag an Idirbhliain.
Meán Fómhair 2015-
-
Chuaigh an scoil ar fad ar oilithreacht Chruach Phádraig. Thóg sé 2 uair orainn barr na cruaiche a bhaint amach. Bhí lón againn ar bharr agus tháinig muid anuas arís. Bhí an aimsir thar barr agus bhí an-lá againn.
Bealtaine 2015-
-
Deireadh na scoilbhliana arís. Bíodh Samhradh iontach agaibh!!
Márta 2015-
-
Chuaigh an Idirbhliain go dtí gCeapach na gCapaill.
-
Turas chun na Gearmaine le Inis Oirr agus Inis Meáin.
Feabhra 2015-
-
Drama " Pionta amháin uisce"
Nollaig 2014-
-
Rith le Santaí le airgead a bhailiú don Turas scoile.
-
Aonach na Nollag
-
Cóisir na Nollag
Bealtaine 2014-
-
Laethanta Saoire an tSamhraidh!! Guímíd gach rath ar lucht na hArdteiste & an Teastas Shoiséaraigh a bheidh ag tosú ar na Scrúduithe Stáit.
-
Lá Spóirt
Aibreán 2014-
-
Turas go Sligeach.
Márta 2014-
-
Paráid Lá Fhéile Pádraig.
-
Cúrsa Caoladóireachta ag an Idirbhliain.
-
Chuaigh an Idirbhliain go dtí gCeapach na gCapaill.
Feabhra 2014-
-
Rinne rang na hIdirbhliana "Mamma Mia".
-
Thosaigh rang a 3 agus 6 na Scúdaithe Trialacha
-
Bhí an cúrsa raidió agus an cúrsa B.I.M ar siúl ag rang a 4.
Éanair 2014-
-
Chuaigh scoláirí Rang a 1 agus Rang a 3 go dtí an Ísíltír ar feadh seachtain agus tar éis tháinig scoláirí an Ísiltír go hInis Mór ar feadh seachtain. Bhí an-thuras acu.
-
Chuaigh ceoltóirí na scoile go stiúideo i nGaillimh chun dlúthdhiosca a thaifead.
Nollaig 2013-
-
Comórtas Filíocht agus Dramaíocht. Bhí an bua ag Rang a haon i mbliana.
-
Aonach na Nollag eagraithe ag Rang a 4. Rinne siad Mainséir amach as sean admhaid agus caonach. Chomh maith le sinn rinne siad raifil mór agus bhailigh siad os cionn €1,400 don scoil.
-
Cóisir na Nollaig
Samhain 2013-
-
Bhí comórtas ceoil againn sa scoil idr na ranganna ar fad. Bhí orthu amhráin "pop" a aistriú go gaeilge agus é a chanadh os comhair an scoil. Bhí an bua ag rang a trí le "Counting Stars". Maith sibh!!
-
Thosaigh na trialacha do drama na bliana "Mamma Mia".
-
Tháinig an eitleán "Iolair go hInis Mór. Is í an chéad eitleán a bhí ag Aer Lingus.
Deireadh Fómhair 2013 -
-
Díolacháin Cácaí le hairgead a bhailiú ar son mhuintir na Filipine. Bhailigh siad os cionn €1,300.
-
Taithí Oibre Rang 4 - Tá rang a 4 ar thaithí oibre ar an oileán faoi láthair.
Meán Fómhair 2013-
-
Tháinig scolaireactaí na hIdirbhliana don bliain nua.
Príomhoide nua! D'fhág Micheál Ó Goill agus sheas Micheál Ó Cualáin isteach ina háit.
Lá hEorpach na dTeangacha
31 Bealtaine 2013 -
Laethanta Saoire an tSamhraidh!! Guímíd gach rath ar lucht na hArdteiste & an Teastas Shoiséaraigh a bheidh ag tosú ar na Scrúduithe Stáit ar an 5ú lá de mhí an Mheitheamh.
Glanadh na dTránna -
13-17 Bealtaine 2013 -
Taithí Oibre Rang 4 - Tá rang 4 ar thaithí oibre ar an oileán faoi láthair.
10 Bealtaine 2013 -
Bhí Díolachán Cacaí ar siúl sa scoil ag am lóin le h-aghaidh airgead a bhailiú don bhliainiris atá dhá chur le chéile faoi láthair ag rang na hIdirbhliana. Bhí lucht na hIdirbhliana gnóthach ag bácáil cacaí deasa!!
Rang na hIdirbhliana gafa leis an mBliainiris
Tá rang na hIdirbhliana ag cur Bliainirise le chéile faoi láthair. Sa bhliainiris, beidh leargas ar na himeachtaí ar bhíonn ar siúl sa scoil mar shampla Coisir na Nollag, Dráma na hIdirbhliana, Liathróid Láimhe, Scéim Labhair í agus Ceapach na gCapall chomh maith le go leor rudaí eile! Beidh an bhliainiris ar fáil le ceannach ag an Aifreann Deireadh Bliana.
1-2 Bealtaine -
D'fhreastal Rang 1, 2, 4 & 5 ar Lá Spioradálta a bhí ar siúl ar an oileán. Buíochas mór leis an Athair Mhícheál a d'eagraigh an lá.
Lá Fhéile Pádraig 2013 -
Ghlac scoláirí na scoile páirt i bParáid Lá Fhéile Pádraig a bhí ar siúl ar an oiléan. Ba é 'Alice in Wonderland' an téama a bhí ag an scoil i mbliana. Bhain siad an-taitneamh as an lá.
Tweedle Dee, Cárta & Tweedle Dum
Na Cártaí
Coinín Bán
Na Cártaí
Coinín Bán, Alice, 'Mad Hatter', Cat
Banríon na gCroíthe
Scoláirí ag tabhairt cuairt ar Uisceadán na Gaillimhe
Scoláirí ag tabhairt cuairt ar Uisceadán na Gaillimhe
Scoláirí ag tabhairt cuairt ar Uisceadán na Gaillimhe
Scoláirí ag tabhairt cuairt ar Uisceadán na Gaillimhe
Scoláirí ag tabhairt cuairt ar Uisceadán na Gaillimhe
Scoláirí ag tabhairt cuairt ar Uisceadán na Gaillimhe
Bhí Taispeántas Fisice sa scoil i mí Dheireadh Fómhair. D’fhreastal chuile scoláire chomh maith le Ranganna 1-6 bunscoileanna air agus d’fhoghlaim siad faoi thopaicí ar nós Brú, Dlús, Tonnta, Solas, Fuaim, Leictreachas agus go leor eile a bhí dhá bplé ar an lá. Freisin, fuair na daoine óga deis roicéad a dhéanamh agus a spéirláinseáil ar an lá!
Rinne roinnt ranganna sa scoil 'Rap' a bhí bunaíthe ar théama Eolaíochta. Seo naisc chuig na Raps sin; 'Salt On Your Chips', 'Transition Year Baby', 'The Chemistry of Life - The Ages', 'H2O Trawling'
Seachtain na hEolaíochta
Mar pháirt de Sheachtain na hEolaíochta, thug scoláirí uile na scoile cuairt ar thaispeántas 'CERN - Accelerating Science' a bhí ar siúl i Leisureland i mBóthar na dTrá mí Dheireadh Fómhair seo caite.
D'fhreastal siad ar sheimineár a bhí ar siúl ag Boston Scientific agus chuir siad an-spéis sna gairmeacha éagsúla sa Leigheas & san Eolaíocht.
Chomh maith leis sin, thug na bunranganna cuairt ar Uisceadán Bhóthar na Trá agus léiríonn na pictiúir thall gur bhain siad an-taitneamh as!
Lá Eorpach na dTeangacha
Reachtáladh Lá Eorpach na dTeangacha ar an 23 Meán Fómhair 2012 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht teangacha ar Inis Mór. Tháinig grúpa do 22 náisiúnacht atá ina gcónaí ar an oileán, le chéile sa scoil chun a dteangacha agus a gcúltúr a roinnt le scoláirí na hIdirbhliana a d'eagraigh an teacht le chéile
Dúshlán an Dúin!
Mar thacaíocht d’fhoireann Iomána na Gaillimhe i mí Meán Fómhair seo caite, ghléas na scoláirí agus na múinteoirí (fiú amháin mada beag mhúinteora!) i ndathanna an Chontae agus thugamar aghaidh ar Chill Mhuirbhigh agus dúshlán Dhún Aonghusa! Bhí an-lá againn ar fad agus léiríonn na grianghrafanna thíos go rabhamar go léir aontaithe in éadan na gCat.